03 Seachrán Chairn tSiail (исполнитель: Clannad [1983 - Magical Ring])
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mó Tharla an ainnir as an taobh aniar dom Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina [bad word] mar rós Bheannaíos féin go preab don mhaighdean Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh Ar fhear ag bréagadh cailín óg Níl siúd áit ó íochar Fhanad Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin 'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid Bhí mé ar an Mhuine Mhór is i gCaisleán Cába I mBaile Uí Dhalaigh is i Lios na Sciath Bhí me i Muineachán agus ar an Ghráinsigh Is ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain Aréir a tharlaigh i nDroichead Átha mé 'S anocht atá mé fá Charn tSíail 'S anois más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé Seo mo lámh duit, bíom ag triall