Отсутствует (исполнитель: Неизвестен)
I ngleannta séimhe na héigse a bhím, I bhfanntais péine i ngéibh' gach laoi, An tseanbhean ghlé ba bhéasach gnaoi, Do scanraigh mé, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í. Ní thráchtfaidh mé ar chéile Naoise, thug ár na nGael ar théacht don Chraobh, Ná an bháb on nGréig a chéas an Traí, Le grá mo chléibh, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í. Is brá, deas, dréimreach, réidh a dlaoi, go barr an fhéir ina slaod ar bís; tláthfholt réidh de dhéalramh an flíos, Ar ghrá mo chléibh, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í. Is cásmhar, taodach, déarach a bhím, Go cráite, créimeach, céasta ón mhnaoi, Is fánach, faon gan chéill ar baois, Le grá don bhé, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í. Ar nóin nuair a théim ar thaobh Suí Finn Faoi bhrón i gcéin is gan aon de mo bhuíon Cé sheolfadh Aon Mhac Dé i mo líon Ach stór mo chléibh, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í.