Pe In Eirinn I (исполнитель: Muireann Nic Amhlaoibh ft Éamonn Doorley ft Ross)

I ngleannta séimhe na héigse a bhím,
i bhfanntais péine i ngéibh’ gach laoi,
an tseanbhean ghlé ba bhéasach gnaoi,
do scanraigh mé, pé’n Éirinn í, pé’n Éirinn í.

Ní thráchtfaidh mé ar chéile Naoise,
a thug ár na nGael ar théacht don Chraobh,
ná an bháb on nGréig a chéas an Traí,
le grá mo chléibh, pé’n Éirinn í, pé’n Éirinn í.

Is brá [breá?], deas, dréimreach, réidh a dlaoi,
go barr an fhéir ina slaod ar bís;
a tláthfholt réidh de dhéalramh an flíos,
ar ghrá mo chléibh, pé’n Éirinn í, pé’n Éirinn í.

Is cásmhar, taodach, déarach a bhím,
go cráite, créimeach, céasta ón mhnaoi,
is fánach, faon gan chéill ar baois,
le grá don bhé, pé’n Éirinn í, pé’n Éirinn í.

Le barra mo bhéil ní loigim scéal
Is im theangain mo léan, níl [bad word] [bad word] #237;nn*
Ní blasta í mo shéimh is an Ghaolainn Chaoin,
Lena mholann mo bhéal, pé i nÉirinn í, pé i nÉirinn í

Ar nóin nuair a théim ar thaobh Suí Finn,
faoi bhrón i gcéin is gan aon de mo bhuíon,
cé sheolfadh Aon Mhac Dé i mo líon,
ach stór mo chléibh, pé’n Éirinn í, pé’n Éirinn í.
Послушать/Cкачать эту песню
Mp3 320kbps на стороннем сайте

Открытка с текстом :
Удобно отправить или распечатать
Создать открытку
У нас недавно искали песни:
Schwarz ist unser Panzer  Why step  Вредные советы ТГК  Белый снег ЛяЛя black  Хрест ольга андрощук  Я тебя так долго ждал  Тафтиляу музыка  Вера ты одна 
О чем песня
Muireann Nic Amhlaoibh ft Éamonn Doorley ft Ross - Pe In Eirinn I?
2020 © Tekstovoi.Ru Тексты песен